Rinne Séamus 'ac Grianna obair mhór fhoclóireachta thaire trí scór bliadhain ó shoin, saothar nach bhfaca solus an lae roimhe seo.
Tá an saothar sin i seilbh Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge
in Acadamh Ríoga na hÉireann, faoi na tagairtí seo:
A bhuidheachas don tionscnamh sin, tá na litreacha A–C ó U022 ar fagháil anois ar an eadarlíon. Seo na nascanna chucu:
Leis an mhór-chuid de na focla, ní thugtar ach gearr-mhíniú i mBéarla, ach le cuid eile, tá liostaí feidhmiúla de chora cainnte leo.
Gidh nach bhfuil annseo ach cuid den aibidil, agus go bhfuil tuilleadh oibre in-mhianaithe ar an chuid sin féin —
móide pioctúir de na bun-duilleogaí, ins an chruth is gur féidir linn a bheith cinnte de litriú an ughdair —
tá tairbhe comh mór leis an tsaothar seo le gur fiú a fhoillsiú don tsaoghal mar atá sé.