` OCR do'n Chló Ghaedhealach

OCR do'n Chló Ghaedhealach

Córais a bhfuil cleachtadh agam orthu, nó a bhfuil fhios agam iad bheith ann.

Ainm Córas Dáta Cló ar a dtearnadh a thraenáil Ponc nó h
san aschur
Nasc Breitheamhnas
Optopus Windows 3.1 .. XP 1986–1993 Ní fios h annseo Córas a rinne Makrolog sa Ghearmáin, le leagan a bhí traenáilte roimh ré ar an chló Ghaelach. Baineadh úsáid mhór as Optopus ar feadh i bhfad i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (Donnchadh Ó Corráin) agus ag Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga Éireann. Bhíodh an toradh maith go leor, ach bhriseadh an t-oideas síos ní ba mhinice de réir mar rinneadh forbairt ar Windows.
FineReader Windows, Mac, Linux 1993–inniu Do rogha féin Do rogha féin annseo Córas ón Rúis ar dtús, a aistrigheadh go Meiriceá in 2024. Againn féin a fhágtar an traenáil ar an chló Ghaelach le deánamh. Obair throm atá annsin, nach féidir a fheabhsú a thuilleadh le tréan saothair i ndiaidh tamaill, agus ar b'éigean a dheánamh as an nuaidh (de ghnáthach) ar gach leabhar. Bhain mé féin measardhacht úsáide as FineReader 5 (2001) ar Windows, le clódhanna éagsamhla de chuid an Ghúm. Bhí an toradh maith go leor.
gle.traineddata Tesseract (eg. faoi gImageReader ar Windows) 2010–2014 Meascán? Ní fios annseo Ní fios an bhfuil baint ag an googlegroup seanchlo le seo. Ar an eadarlíon, tá leaganacha éagsamhla de gle.traineddata, dar dáta "September 2017": annseo (3.75MB — "most accurate but slowest"), annseo (1.12MB — "least accurate but fastest") agus annseo (4.44MB — "slightly less accurate but slightly faster than most accurate"). Tá leagan ann fosta dar dáta "November 2016" annseo (9.71MB). Bhain mé triail amháin — ní leor sin, ar ndóighe — as an leagan "most accurate", ach ní rabh an toradh sásúil.
Gaelic and Roman Type (Gerard Farrell) Eadarlíon/
Transkribus
2023? Meascán h annseo  
An Gaodhal Eadarlíon/
Transkribus
2023 An Gaodhal ponc annseo  
gle_seanclo.traineddata Tesseract (eg. faoi gImageReader ar Windows) 2024? An Claidheamh Soluis; Samhain ponc annseo  

Is cuma cén córas a roghnuightear, béidh a lán ceartúchán le deánamh ar an toradh. In mo bharail-sa, ’siad Gaelic and Roman Type (Gerard Farrell) agus gle_seanclo.traineddata is lugha a mbíonn ceartú le deánamh orthu de ghnathach.

Is féidir téacs a aistriú ó phoncanna go h-anna go meicniúil — ach caithfear bheith cúramach le ceannlitir le ponc: cé acu mór nó beag a bhéas an "h" a rachaidh isteach? Ní féidir téacs a aistriú ó h-anna go poncanna comh furas céanna, nó is beag téacs Gaedhilge nach bhfuil neart focal Béarla ann, m.sh. Shakespeare.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2025/12/29
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / / Главная страница