|
Rugadh Seán Ó Siadhail in Rhode Island in 1901, mac le Seán Ó Siadhail (.i. Johnnie Mháire, c1857–1934) as Ros Guill agus Susan Murray (c1867–1908)
as Cill Saidhe (Kilsyth) na hAlban.
Ba mhac é Johnnie Mháire le Edward Shiels (.i. Edward Mhicí Éamoinn, c1809–1865), Doire 'n Chasáin, siopadóir agus muilteoir, agus Máire Ní Luadhóg. I gceann na h-aimsire chuaidh Johnnie anonn go h-Albain, agus bhí teach tabhairne aige in Cill Saidhe. Phós sé Mary McCahill in St. Machan's Church, Baile na Leamhnachta (Lennoxtown) in 1886. Ba as Dún na nGall a h-athair, John McCahill (mianadóir guail) agus as Milton of Campsie a máthair. Fuair Mary bás in 1892 agus d'fhág triúr páiste, Edward, Annie agus Máíre, i gcúram a deirfiúra. Phós Johnnie Mháire arís, in 1895, ar Susan Murray i gCill Saidhe, agus rugadh nighean, Julia, annsin in 1897. Bhí lucht staonaireachta fá Chill Saidhe anuas ar an ól, agus d'imthigh Johnnie go Meiriceá, áit a rabh sé ag obair mar chléireach. Rugadh mac, Seán (nó John Anthony), ag 25 Bridge St, Newport, Rhode Island ar 5 Mhí na Nollag 1901. Bhí Susan, Julia agus Seán (óg) anonn is anall eadar Albain agus Meiriceá cupla uair, go dtí gur phill an teaghlach ar Albain, agus bhí siopa acu in Alexandria. Ach fuair Susan bás in 1908, agus tá sí curtha ins an aon uaigh le Mary McCahill i gCill Saidhe. Tamall ina dhiaidh sin, thug Johnnie an dá pháiste 'na bhaile go Ros Guill, agus bhí siopa beag aige in aice na céadha ins na Dúnaibh. Bhí siopa mór ag a dheartháir, Micí Mháire, i nDoire 'n Chasáin agus ba annsin a bhí comhnaí ar Sheán agus Julia le Micí agus a bhean Cití Ruairí (Catherine). Bhíodh Julia agus Seán fosta ag cuidiú le n-a n-athair ina shiopa siud. Phós Johnnie an tríomhadh h-uair in 1912, ar Sarah McClafferty (Sarah Tharlaigh). Nuair a fuair sise bás in 1933, fágadh Johnnie ina bhaintreabhach don tríomhadh h-uair. Fuair sé féin bás in 1934 agus cuireadh é i Míobhaidh. Pósadh Julia ar John McFadden ar an Fhál Charrach in 1916, agus bhí beirt mhac acu: Jack, a rugadh i mBéal Feirste in 1917, agus Hugo, a rugadh in 1920. Nuair a fuair Micí Mháire bás in 1919, phill Julia a chuidiú le Cití, agus is i Ros Guill a tógadh Jack agus Hugo. Maighistir scoile agus scríbhneoir Gaedhilge a bhí in Jack Mac Pháidín (1917–2002). |
![]() Johnnie Mháire, Susan Murray agus a gclann: Julia agus Seán, c1907 (Pioctúir: Ciarán Mac Pháidín) |
![]() |
![]() Reilig Ghort a' Choirce |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |